WikiLeaks
(Athsheolta ó Wikileaks)
Is éard is atá i gceist le WikiLeaks ná eagraíocht idirnáisiúnta,a bunaíodh sa Íoslainn, a fhoilsíonn aighneachtaí gan ainm agus doiciméid sceite de cháipéisí íogaire ó rialtais agus eagraíochtaí eile, agus ag an am céanna a chaomhnaíonn anaithnideacht a bhfoinsí.[1]
![]() | |
URL | https://wikileaks.org/ ![]() |
---|---|
Eapainm | vicí ![]() |
Cineál | eagraíocht idirnáisiúnta agus whistleblower platform (en) ![]() ![]() |
Teanga | Béarla ![]() |
Inneall bogearra | MediaWiki ![]() |
Cruthaitheoir | Julian Assange ![]() |
Forbróir gréasáin | Julian Assange ![]() |
Iontráil i seirbhís | 4 Deireadh Fómhair 2006 ![]() |
Tír | an Astráil ![]() |
Gradam a fuarthas | |
Rangú Alexa | 16,899 (20 Samhain 2017) ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() |
Stiúrann The Sunshine Press láithreán gréasáin na heagraíochta, a seoladh sa bhliain 2006. Deir an eagraíocht gur easaontaigh Shíneacha a bhunaigh í, chomh maith le hiriseoirí, matamaiticeoirí, agus gnólachtaí nua-thionscanta ó na Stáit Aontaithe, ón Téaváin, ón Eoraip, ón Astráil, agus ón Afraic Theas.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/27/WikiLeaks_is_not_a_Wikimedia_project.png/220px-WikiLeaks_is_not_a_Wikimedia_project.png)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/26/Julian_Assange_cropped_to_face.jpg/220px-Julian_Assange_cropped_to_face.jpg)
Sceitheadh eolais
cuir in eagar- I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla ar 12 Iúil 2007 amach, inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder. Tharraing WikiLeaks aird na cruinne nuair a foilsíodh físeán sceite a léirigh ionsaí ingearáin cogaidh de chuid na Stát Aontaithe inar maraíodh déaréag sibhialtach i mBaghdad.[2]
- I mí Iúil 2010, d'eisigh WikiLeaks Dialann Chogadh na hAfganastáine, díolaim de níos mó ná 76,900 doiciméad mar gheall ar an gCogadh san Afganastáin nach bhfuil ar fáil don phobal roimhe sin.
- I mí Dheireadh Fómhair 2010, d'eisigh an grúpa pacáiste de bheagnach 400,000 doiciméad ar a dtugtar Logchomhaid Chogadh na hIaráice i gcomhar le heagraíochtaí móra tráchtála na meán, an New York Times agus an Guardian ina measc.
- Sceitheadh freisin 90,000 cáipéis rúnda Airm faoi chogadh Mheiriceá san Afganastáin.[2]
- I mí na Samhna 2010, thosaigh WikiLeaks ag scaoileadh cáblaí taidhleoireachta ón Roinn Stáit na Stáit Aontaithe. Foilsíodh i nuachtáin an New York Times agus an Guardian 250,000 teachtaireacht rúnda taidhleoireachta ó ambasáidí de chuid Mheiriceá ar fud an domhain a bhí aimsithe ag WikiLeaks.[2]
- Dúnmharuithe seachbhreithiúnacha sa Chéinia.
- Dumpáil dramhaíola tocsaineacha ar chósta na hAfraice,
- lámhleabhair Eaglais na hEolaíochta.
- Nósanna imeachta san ionad coinneála Camp X-Ray (Guantánamo).
- Ábhair a bhain le bainc mhóra ar nós Kaupthing agus Julius Baer.
Iarmhairtí
cuir in eagarNáiríodh na Stát Aontaithe, cuireadh fearg ar chinnirí airm agus polaitíochta agus gnó, agus dúradh gur cuireadh beatha daoine i gcontúirt de bharr an sceitheadh.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Tomás Ó hAodha. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Cúirt chinniúnach faoi Assange a eiseachadadh as Sasana" (as ga-IE).
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontThe Hunger Games (Sraith Leabhar)An tAontas SóivéadachSpeisialta:SearchStáit Aontaithe MheiriceáAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:Séanadh ginearáltaIdirlíonb6u3kVicipéid:Lárionad comhphobailSpeisialta:RecentChangesSpecial:SearchSouth Park: Bigger, Longer & UncutAn VicipéidVicipéid:CabhairRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Halla baileCarthanacht ChlíodhnaVicipéid:RéamhráÉire (Poblacht na hÉireann)An GhaeilgeCatarAn tAontas EorpachVicipéid:Cúrsaí reathaGiovanni BoccaccioYekaterinburgSpeisialta:MyContributionsLíomhánÚsáideoir:MALA2009/Síscéal (Béarla)Dingle Oceanworld Aquarium, KerryPlé:PríomhleathanachCatagóir:An Coláiste Ollscoile, Baile Átha CliathLiosta glaochód idirnáisiúntaNa teangacha Ind-EorpachaCatagóir:UisceadáinCatagóir:Lucht RTÉAtéiné PrómachósDéfheinil pholaclóirínithe