Amscála geolaíoch

Soláthraíonn an t-amscála geolaíoch córas le haghaidh tomhais chroineolaíocha ina gcuirtear stratagrafaíocht i gcomparáid le tréimhse ama a bhíonn in úsáid ag geolaithe, pailé-ointeolaithe agus domhaneolaithe eile chun cur síos a dhéanamh ar an t-uainiúchán agus an caidreamh idir imeachtaí a tharla le linn stair an Domhain.

Amscála geolaíoch

Go dtí tús an 19ú céad chreid beagnach gach éinne nach raibh an Domhan ach na mílte bliain d'aois agus a chruth — na sléibhte, na farraigí, na haibhneacha, na hoileáin, na hilchríocha — gan athrú ó thús ama. Ansin d'fhoilsigh an geolaí Albanach Charles Lyell a leabhar Principles of Geology (Prionsabail na Geolaíochta, 1830) inar chuir sé síos ar a choincheap go raibh an Domhan á athrú an t-am ar fad. De réir a chéile glacadh leis an dearcadh seo go forleathan, agus thar na blianta rinne geolaithe staidéar ar na sraitheanna éagsúla carraigeacha is na hiontaisí de neacha beo a bhí stalctha iontu. Ón srathú geolaíoch agus le cabhair dátaithe gheolaíoch, tá na geolaithe tar éis aois iomlán an Domhain, 4,600 milliún bliain, a roinnt ina 4 ré: an ré Réamh-Chaimbriach a lean ar feadh 4,000 milliún bliain, an ré Phailéasóch timpeall 590-250 milliún bliain ó shin, an ré Mhéiseasóch timpeall 250-65 milliún bliain ó shin, agus an ré Chaenasóch ó 65 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu. Fo-roinntear an 3 ré dheireanach seo ina dtréimhsí áirithe freisin. Go ginearálta faightear fianaise an-lag den bheatha, aoncheallach den chuid is mó, sa ré Réamh-Chaimbriach. Sa ré Phailéasóch thosaigh orgánaigh ilcheallacha is éisc ag teacht chun cinn, agus roinntear an ré seo mar seo: an tréimhse Chaimbriach (590-500 milliún bliain ó shin), an tréimhse Ordaivíseach (500-435 milliún bliain ó shin), an tréimhse Shiolúrach (435-408 milliún bliain ó shin), an tréimhse Dheavónach (408-360 milliún bliain ó shin), an tréimhse Charbónmhar (360-280 milliún bliain ó shin), agus an tréimhse Pheirmeach (280-250 milliun bliain ó shin). Ré na ndineasár a bhí sa ré Mhéiseasóch, agus na péisteanna ceannasach ar fud an Domhain. Sa tréimhse Thriasach, 250-195 milliún bliain ó shin, tháinig na dineasáir i réim agus thosaigh Pangaea ag titim as a chéile. Ansin bhí an tréimhse Iúrasach, 195-140 milliún bliain ó shin. Sa tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin, fuair na dineasáir uile bás. Le teacht na ré Caenasóiche tháinig na mamaigh i réim ar Domhan. Tugtar an tréimhse Threasach ar an idirlinn, 65-2 mhilliún bliain ó shin, agus an tréimhse Cheathartha ar an tréimhse ó shin i leith.[1]

Amscála geolaíoch cuir in eagar

AeónTréimhseSealadhAoisAm ó shin (Ma)
FanarasóchCaenasóchCeatharthaHolaicéineach0-0,0117
PléisticéineachTarantien0,0117–0,126
Iónach0,126–0,781
Calábrach0,781–1,806
Gelasian1,806–2,588
NeoigineachPléicéineachPiaicéansach2,588-3,60
Zancileanach3,60-5,332
MéicéineachMessineach5,332-7,246
Tortónach7,246-11,608
Serravallach11,608-13,65
Langhach13,65-15,97
Burdigalach15,97-20,43
Acatánach20,43-23,03
PailéogéineachOlagaicéineachSeatach23,03-28,4
Rúpalach28,4-33,9
EoicéineachPriabónach33,9-37,2
Bartanach37,2-40,4
Lúitéiteach40,4-48,6
Ípriseach48,6-55,8
PailéicéineachTanatach55,8-58,7
Selandach58,7-61,7
Danaiach61,7-65,5
MéiseasóchCailceachUachtarachMáistríteach65,5-70,6
Campánach70,6-83,5
Santónach83,5-85,8
Cóiniacach85,8-89,3
Turónach89,3-93,5
Ceineamánach93,5-99,6
ÍochtarachAlbach99,6-112,0
Aipteach112,0-125,0
Bairéimeach125,0-130,0
Ótraíveach130,0-136,4
Valangaineach136,4-140,2
Beiriasach140,2-145,5
IúrasachUachtarachTiotónach145,5-150,8
Cimiritseach150,8-155,0
Ocsfordach155,0-161,2
MeánachCalaitheach161,2-164,7
Batanach164,7-167,7
Baiseocach167,7-171,6
Álanach171,6-175,6
ÍochtarachTórcach175,6-183,0
Plíonsbachach183,0-189,6
Sineamúrach189,6-196,5
Heatangach196,5-199,6
TriasachUachtarachRaetach199,6-203,6
Nórach203,6-216,5
Carnach216,5-228,0
MeánachLadanach228,0-237,0
Ainisiach237,0-245,0
ÍochtarachOlanacach245,0-249,7
Ionduach249,7-251,0
PailéasóchPeirmeachLopingiachChanghsingiach251,0-253,8
Wuchiapingiach253,8-260,4
GuadalupienCapitaniach260,4-265,8
Wordiach/Casanach265,8-268,0
Ródach/Ufimíneach268,0-270,6
CisuraliachCungúrach270,6-275,6
Artainsceach275,6-284,4
Sacmárach284,4-294,6
Asseliach294,6-299,0
CarbónmharPennsylvanienGasaileach299–303,9
Kasimovach303,9–306,5
Moscóvach306,5–311,7
Baiscireach311,7–318,1
MississippienSerpukhovach318,1–326,4
Viséach326,4–345,3
Túrnaeiseach345,3–359,2
DeavónachUachtarachFaiméanach359,2 - 374,5
Frasnach374,5-385,3
MeánachGivéatach385,3-391,8
Eighfealach391,8-397,5
ÍochtarachEimseach397,5-407,0
Prágach407,0-411,2
Lochkovach411,2-416,0
SiolúrachPridolach416,0-418,7
LudlowachLudfordach418,7-421,3
Gorstach421,3-422,9
WenleachHóiméarach422,9-426,2
Sheinwoodien426,2-428,2
LlandovereachTelycheach428,2-436,0
Aeronach436,0-439,0
Rhuddanach439,0-443,7
OrdaivíseachUachtarachHirnantach443,7-445,8
Katach445,8-455,8
Sandbach455,8-460,9
MeánachDarriwiliach460,9-468,1
Dapingeach468,1-471,8
ÍochtarachFloien471,8-478,6
Tremadocien478,6-488,3
CaimbriachFurongiach10ú sealadh488,3-?
9ú sealadh
Paibiach?-501,0
3ú sealadhGuzhangiach501,0-?
Drumach
5ú sealadh?-513,0
2ú sealadh4ú sealadh513,0-?
3ú sealadh
Terreneuvach2ú sealadh
Luath?-542,0
AeónTréimhseAm ó shin (Ma)
PrótarasóchNeoprótarasóchEidiacarac542 - ~630
Cryogenium~630 - 850
Tonium850 - 1000
MesoprótarasóchStenaium1000 - 1200
Ectasium1200 - 1400
Calymmium1400 - 1600
PaleoprótarasóchStatherium1600 - 1800
Orosirium1800 - 2050
Rhyacium2050 - 2300
Siderium2300 - 2500
AircéachNeoaircéach2500 - 2800
Mesoaircéach2800 - 3200
Paleoaircéach3200 - 3600
Eoaircéach3600 - 3800
Háidéasach4567.3 ± 0.16

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Amscála geolaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 36.