Toghchán Pharlaimint na hEorpa, 2024

Reáchtáladh toghchán pharlaimint na hEorpa le linn 2024. Idir an 6-9 Meitheamh 2024 chuaigh daoine i mballstáit an Aontais Eorpaigh go dtí na botháin vótála chun 720 feisire a thoghadh chun Parlaimint na hEorpa. Toghadh 14 feisire chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghchán Pharlaimint na hEorpa, 2024
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
Cineáltoghchán Pharlaimint na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse6 - 9 Meitheamh 2024
Dáta na blianaMeitheamh 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAontas Eorpach, Idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanFeisire de Pharlaimint na hEorpa (720) Cuir in eagar ar Wikidata
IarrthóirPáirtí Phobal na hEorpa
Páirtí na Sóisialaithe Eorpach
Renew Europe (en) Aistrigh
Identity and Democracy Party (en) Aistrigh
Comhaontas Glas na hEorpa
European Conservatives and Reformists Party (en) Aistrigh
Party of the European Left (en) Aistrigh
An tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach
European Pirate Party (en) Aistrigh
Animal Politics EU (en) Aistrigh
European Christian Political Movement (en) Aistrigh
Volt Europa (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinelections.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata


Dúshláin san Aontas Eorpach

cuir in eagar

Bhí laige, neart agus dúshláin an AE á léiriú agus parlaimint nua na hEorpa le toghadh in 2024. Tá cur síos ar chuid de na dúshláin sa liosta seo:[2]

  1. Athrú aeráide. Sprioc an Aontais a bheith aeráid-neodrach faoi 2050 agus an ciorrú mór ar astaíochaí gáis cheaptha teasa a chaithfear a chur i bhfeidhm san idirlinn.
  2. Inimirce. An mbeidh sé ar chumas an AE teacht ar aon tuairim faoi chomhpholasaí inimirce a thugann cead isteach eagraithe agus cothrom do dhaoine ón taobh amuigh?
  3. Idirlíon. Dréachtú dlí nua chun na meáin shóisialta agus úsáid intleacht shaorga a rialáil, agus bac an AE ar scaipeadh bréagaisnéise agus fuatha ar an idirlíon.
  4. Bearta buiséid. Agus an brú fioscach ag méadú, an gciorrófar caiteachas an AE nó an méadófar íocaíochtaí ó na ballstáit (an ráta cáin chorparáideach ina measc)?
  5. Daonlathas. Conas mar is féidir leis an Aontas cur in aghaidh na bhfórsaí a chuireann feidhmiú an daonlathais agus cearta daonlathacha i mbaol?
  6. Trádáil idirnáisiúnta. Conas mar a láimhseálfaidh an tAontas a chaidreamh polaitiúil agus trádála leis an chuid eile den domhan, na Stáit Aontaithe, India agus an tSín go háirithe?
  7. Méadú an AE. Cén tionchar a bheidh ag fáilte isteach roimh an Úcráin agus tíortha eile ar chaiteachas an AE ar scéimeanna feirmeoireachta sna ballstáit reatha?
.Pobalbhreitheanna[3]

Chaith pobal an 27 Stát vóta le 720 Feisire Eorpach (28 Stát agus 751 Feisire in 2019) a thoghadh chun ionadaíocht a dhéanamh orthu i bParlaimint na hEorpa.

Bhí Páirtí an Phobail Eorpaigh (EPP), grúpa Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von der Leyen, fós ar an ngrúpa is mó sa Pharlaimint. Bhí os cionn 180 feisire ag an EPP (189 in 2019),[4] a bhfuil Fine Gael mar chuid de.[5]

Chaill Athnuachan Eorpach, an grúpa sa pharlaimint a bhfuil Fianna Fáil ann, breis is 20 suíochán sa Pharlaimint nua agus gurb amhlaidh an scéal a bhí ag an ngrúpa glas.Bhí níos mó ná 160 suíochán a bheith ag páirtithe de chuid na heite deise crua agus na heite fíordheise sa Pharlaimint nua, ach bíonn aighneas eatarthu faoi cheisteanna éagsúla agus ní dócha go n-éireoidh leo teacht le chéile.

Timpeall na hEorpa

cuir in eagar

Sa Ghearmáin tháinig an páirtí de chuid na heite fíordheise Alternative für Deutschland sa dara háit agus iad chun cinn ar dhaonlathaithe sóisialta an tSeansailéara Olaf Scholz. (Roimh na toghcháin, bhí ar Maximilian Krah, príomhiarrthóir Alternative für Deutschland, éirí as an bhfeachtasaíocht nuair a dúirt sé nár ghá gur choirpigh ab ea baill Waffen-SS na Naitsithe).[5]

Sa Fhrainc, bhí toghchán parlaiminte fógartha mar fhreagra ar bhua Rassemblement National Marine Le Pen sa Toghchán Pharlaimint na hEorpa, 2024.[6] Bhí bua mór ag páirtí Le Pen, atá an-fhada amach ar an eite dheis, agus timpeall 32% den vóta náisiúnta acu (23% sa bhliain 2019), nach mór dhá oiread is a bhí ag Renaissance de chuid Emmanuel Macron (15% in 2023, 22% in 2019).[7][8] Iarracht a bhí i bhfógra toghcháin Macron cosc a chur le rabharta Rassemblement sa pholaitíocht náisiúnta.

San Iodáil bhí páirtí Giorgia Meloni, páirtí eile atá fada amach ar an eite dheis, sa chéad áit agus nach mór 30% á thuar dóibh.

Tháinig an eite fhíordheis sa chéad áirt san Ungáir agus san Ostair agus go n-éireoidh le páirtí pobalach Geert Wilders san Ísiltír tuilleadh suíochán a fháil.

BoerBurgerBeweging, nó Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach (BBB) san Ísiltír,

Bhí titim ar thacaíocht na bpáirtithe glasa éagsúla ar fud na hEorpa - agus an fás a bhí ar pháirtithe áirithe nach bhféadfaí a thabhairt orthu ach páirtithe frithaeráide agus frith-thimpeallachta (dhá shuíochán gnóthaithe ag páirtí úrnua, Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach (BBB) san Ísiltír, mar shampla) nach n-aontaíonn chuile vótóir leis na spriocanna aeráide agus timpeallachta a bhí aontaithe cheana féin san Aontas Eorpach, ná baol air.[9]

An deacracht is mó, agus impleachtaí thorthaí an toghcháin Eorpaigh don aeráid agus don timpeallacht á meas, ná nach raibh dearcadh iontach soiléir ar chúrsaí aeráide agus timpeallachta ag cuid mhór de na páirtithe ar an eite fhíordheis a raibh fás orthu sa toghchán seo. Ní raibh polasaithe aeráide ná timpeallachta soiléire ag an bpáirtí Eorpach ‘Féiniúlacht agus Daonlathas’, mar shampla, páirtí a bhuaigh 58 suíochán sa pharlaimint, naonúr sa bhreis ar an líon a bhí acu.[9]

In Éirinn

cuir in eagar

Bhí 3.6 milliún duine cláraithe le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha in Éirinn. Roghnóidh siad 14 Feisire Eorpach i dToghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt, Toghlach an Deiscirt agus Toghlach Bhaile Átha Cliath. Bronnadh suíochán breise i bParlaimint na hEorpa (14 in ionad 13) ar Éirinn sa bhliain 2024.

Fuair Barry Andrews, Fianna Fáil, agus Regina Doherty, Fine Gael, an chéad dá shuíochán i dtoghlach Bhaile Átha Cliath. Toghadh Lynn Boylan (SF) agus Aodhán Ó Ríordáin (LO) chomh maith.

I dtoghlach an Deiscirt d'fhill Seán Kelly, Fine Gael agus Billy Kelleher, Fianna Fáil, ar an Eoraip. Toghadh Michael MacNamara (NS), Kathleen Funchion (SF) agus Cynthia Ní Mhurchú (FF) chomh maith.

I dtoghlach Lár-Tire–an Iarthuaiscirt, d'fhill Luke Ming Flanagan, neamhspleách, agus Maria Walsh, Fine Gael, ar an Eoraip. Toghadh Barry Cowen (FF), Nina Carberry (FG), agus Ciarán Mullooly (NS) chomh maith..

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-23). Dáta rochtana: 2024-02-24.
  2. Cathal Mac Coille (7 Samhain 2023). "Amhras á chothú faoi inchreidteacht an AE roimh thoghcháin na bliana seo chugainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-09.
  3. "Gbuvn / Opinion Polling Graph · GitLab" (en). GitLab. Dáta rochtana: 2024-06-10.
  4. "2019 European Parliament election" (as en) (2024-06-07). Wiki How. 
  5. 5.0 5.1 "Parlaimint na hEorpa ag dul níos faide ar dheis" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-10). Dáta rochtana: 2024-06-10.
  6. "Parlaimint na hEorpa ag dul níos faide ar dheis" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-10). Dáta rochtana: 2024-06-10.
  7. "Elections européennes 2024 : 31,37% des voix pour le RN, 14,6% pour Renaissance, 13,83% pour PS-Place Publique… Voici les résultats définitifs du scrutin" (fr-FR). Franceinfo (2024-06-10). Dáta rochtana: 2024-06-10.
  8. Rédaction Toute l'Europe (2024-04-17). "Elections européennes 2024 : quels étaient les résultats en France en 2019 ? - Touteleurope.eu" (fr-FR). Touteleurope.eu. Dáta rochtana: 2024-06-10.
  9. 9.0 9.1 Alex Hijmans (12 Meitheamh 2024). "Torthaí thoghchán na hEorpa agus an aeráid – osna faoisimh, ach cúpla fainic leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-13.