Splanc leictreonach
Is éard is splanc leictreonach ann ná foinse solais i gcomhair grianghrafadóireachta a tháirgeann solas láidir an-ghairid nuair a dhíluchtaítear toilleoir trí fheadán folúsaithe le rian xeanóin ann. Níl an feadán seoltach go ndéantar toilleoir eile a dhíluchtú tríd an 3ú leictreoid atá mórthimpeall an fheadán splaince is a spreagtar ag tadhaill i gcomhla an cheamara. Is amhlaidh a ianaíonn an ghníomhaíocht seo an xéanón sa bhfeadán, á ullmhú ina sheoltóir don phríomhsplanc. Maireann an splanc 0.001 soicind (1/1000 s) de ghnáth. Athraítear an t-aschur solais don nochtadh go leanúnach uathoibríoch le monatóiriú an tsolais le fótaichill agus fad na splaince a athrú le feiste tíreastóra síos go dtí timpeall 0.00002 soicind.[1]
Sampla de | product category (en) |
---|
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Splanc leictreonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 619.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachSpeisialta:SearchStáit Aontaithe MheiriceáSaludos AmigosAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:Séanadh ginearáltaSpeisialta:RecentChangesRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Lárionad comhphobailVictory Through Air PowerAn VicipéidVicipéid:Cúrsaí reathaSpecial:SearchSouth Park: Bigger, Longer & UncutVicipéid:Halla baileVicipéid:CabhairVicipéid:Réamhrá640COVID-19Éire (Poblacht na hÉireann)ÉireCatagóir:An Comhaontas GlasAn tAontas EorpachCatagóir:Foréigean i gcoinne na mban in ÉirinnAn Ghaeilge18 Meitheamh1200Úsáideoir:MALA2009/Síscéal (Béarla)SícóiniamCatherine Martin800Baile Átha CliathÍomhá:Application-certificate.svgUEFA Euro 2024Galar CrohnForéigean in aghaidh na mban in ÉirinnCatagóir:Dáilcheantair i gContae Átha Cliath