Sergei Prokofiev
Cumadóir ceoil, pianódóir agus stiúrthóir ón Rúis ab ea Sergei Prokofiev (27 Aibreán 1891 – 5 Márta 1953), a d'oibrigh níos déanaí san Aontas Sóivéadach.. Mar chruthaitheoir sárshaothair aitheanta i mórán seánraí ceoil, meastar é mar dhuine de mhórchumadóirí an 20ú haois. I measc a chuid saothar tá píosaí ar nós L'amour des trois oranges, an tsraith Le Lieutenant Kijé , an bailé Ромео и Джульетта (Gaeilge: Romeo agus Juliet) - as a dtógtar "Танец рыцарей" (Gaeilge:"Rince na ridirí")- agus Танец Рыцарей (Gaeilge:Peadar agus an Mac Tíre). As na foirmeacha agus seánraí seanbhunaithe inar oibrigh sé, chruthaigh sé - gan seachtar saothar ógánaigh san áireamh - ceoldrámaí críochnaithe, seacht siansa, ocht mbailé, cúig coinséartó pianó, dhá choinséartó veidhlín, coinséartó cello, coinséartó siansa do cheolfhoireann agusoirceastra, agus naoi sonáid pianó chríochnaithe.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/17/Spgiant.jpg/177px-Spgiant.jpg)
Luathshaol
cuir in eagarRugadh Prokofiev i Sontsovka san Úcráin. Fuair sé inspioráid óna mháthair nuair a sheinn sí an pianó sna hoícheanta – de ghnáth Chopin agus Beethoven – agus dá bharr scríobh sé a chéad phíosa ceoil ag aois a cúig, Indian Gallop, bhí sé sa mhód Lidiach, mar ní raibh fonn air na nótaí dubha a úsáid. Ag aois 7 d’fhoghlaim sé conas ficheall a imirt. Bhí grá aige don fhicheall ar feadh a shaol ar fad. Ag aois 9 bhí sé ag cumadh a chéad cheolchoirm, The Giant, chomh maith le overture agus roinnt píosaí eile.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/09/Prokofiev_and_rostropovich.jpg/177px-Prokofiev_and_rostropovich.jpg)
Sa bhliain 1902, bhuail máthair Prokofiev le Sergei Taneyev, stiúrthóir don Moscow Conservatory. Dúirt sé go raibh air ranganna a fháil ó Alexander Goldenweiser. Níor tharla sé seo, ach faoi dheireadh chaith sé an samhradh le Reinhold Glière. Ag deireadh an tsamhraidh bhí Prokofiev tar éis siansa a scríobh.
Na blianta tar éis é seo thosaigh Prokofiev ag úsáid stíleanna aite ina cheol, m.sh. díshondas agus am chomhartha ait. Scríobh sé roinnt píosaí beaga don phianó ag an am sin ar a ghlaoch sé "ditties". Tar éis tamaill, bhog sé chuig St Petersburg. Bhí Nikolai Rimsky-Korsakov mar cheann de na múinteoirí.
I 1910, fuair athair Prokofiev bás agus stop sé ag fáil airgid uaidh.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b7/Prokofiev_familly.jpg/177px-Prokofiev_familly.jpg)
Ceol
cuir in eagarSa bhliain 1914, bhí buachan gan dua ag Prokofiev i gcomórtas pianó. Chuaigh sé chuig Londain agus scríobh sé a chéad bhailé.
I rith an chéad chogadh domhanda, chuaigh Prokofiev ar ais chuig scoil chun coinscríobh a sheachaint. I 1916 scríobh sé a chéad siansa, 'Classical'. Tá sé sa stíl neoclasaiceach. I 1918 chuaigh sé chuig Meiriceá.
Thosaigh Prokofiev a shaol I Meiriceá le ceolchoirm I Nua-Eabhrac. Scríobh sé The Love of Three Oranges i rith an ama seo. Fuair an stiúrthóir bás, agus dá bharr níor tháinig sé amach ag an am ceart. Bhí air bogadh go Páras mar chaill sé an iomad airgid.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/db/1991_CPA_6314.jpg/177px-1991_CPA_6314.jpg)
Sa bhliain 1923 phós sé Lina Llubera (Carolina Codina).
Sa bhliain 1929 rinne sé damáiste dá lámh i dtimpiste bhóthair. I 1936, bhog sé ar ais chuig an Rúis. Bhí rialacha nua i bhfeidhm sa Rúis ag an am sin agus d'athraigh ceol Prokofiev dá bharr. I 1941 rinne sé ceolchoirm as an leabhar War and Peace (Cogadh is Síocháin). Thóg sé dhá bhliain chun é a scríobh. D'fhág sé a bhean chéile I rith an ama sin, ach níor fuair siad colscaradh.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0c/Novodevicij_Cemetery_Sergei_Prokofiev_%28cropped%29.jpg/177px-Novodevicij_Cemetery_Sergei_Prokofiev_%28cropped%29.jpg)
Bás
cuir in eagar![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c2/USSR_stamp_Prokofiev_1981.png/177px-USSR_stamp_Prokofiev_1981.png)
Bhí Prokofiev an-tinn ar feadh ocht mbliana roimh a bhás.
Fuair Prokofiev bás ag aois 61 ar an 5 Márta 1953, an lá céanna le Josef Stalin. Ag an am sin bhí sé ina chónaí in aice le Red Square, agus ní raibh siad ábalta a choirp a bhogadh ar feadh trí lá mar bhí an slua chomh mór sin lasmuigh dá theach. Dúradh gur tharla rith fola ar a inchinn. Anois níl muid róchinnte céard a bhí ina thrúig bháis.