Kepler-452b

D'aimsigh NASA an réalta Kepler-452b (Col Ceathrair na CruinneDomhan a 2.0 uaireanta) atá 1800 bliain solais uainn i réaltbhuíon Cygnus. Fógraíodh gur aimsíodh é ar an 23 Iúil 2015. Tá tréithe Kepler-452b chomh cosúil lenár ndomhan féin go bhfuil NASA ag tabhairt Col Ceathrair na Cruinne nó Domhan a 2.0 air.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochKepler-452b
Cineáleiseaphláinéad
Fionnachtaíspásteileascóp Kepler Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana23 Iúil 2015, spásteileascóp Kepler
Modh fionnachtanamodh trasdula[2]
Réad tuismitheoraKepler-452
RéaltbhuíonAn Eala Cuir in eagar ar Wikidata
AoisJ2000.0 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí fithiseacha
Ais mhór a1.046 AU[1]
Éalárnacht e0.035[1]
Tréimhse fhithiseach P384.843 d[1]
Claonadh i89.806 °[1]
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga1.63 Earth radius (en) Aistrigh[3] Cuir in eagar ar Wikidata
Saobhdhiallas1.7838 mas[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Dualghluaisne (diallas)9.012 mas/y [4] Cuir in eagar ar Wikidata
Dualghluaisne (dronairde)9.974 mas/y [4] Cuir in eagar ar Wikidata
Dronairde (α)19h 44m 0.8861s[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Diallas (δ)44° 16′ 39.1704″[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Catalóga réalteolaíochta
KOI-7016b (díol spéise Kepler)
Kepler-452b (Ainmneacha Deimhnithe Kepler)
KOI-7016.01 (díol spéise Kepler)
TIC 272174474b (TESS Input Catalog (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata

Cosúlachtaí leis an Domhan cuir in eagar

  • Má tá 365 lá i gcúrsa ár ndomhain ar fithis timpeall ar ár ngrian, 385 lá atá i gcúrsa ár gcol ceathrair ar a ngrian siúd.
  • Tá ár ndomhan 150 milliún ciliméadar ónár ngrian agus fad Chol Ceathrair na Cruinne (Kepler 452b) óna ngrian (Kepler-452) ná 156 milliún ciliméadar.
  • Teocht dromchla ár ngréine ná 5408⁰C i gcomparáid le 5483⁰C - teocht dromchla a ngréine. Rud a thugann le fios go bhfuil níos mó gréine á fháil acu.
  • Toisc go bhfuil siadsan 1.63 uair níos mó ná an domhan s'againn, d'fhéadfadh daonra níos líonmhaire maireachtáil ar a ndomhan siúd.
  • Aois ár ndomhain ná 4.54 billiún agus meastar go bhfuil Domhan a Dó (Kepler-452b) 6.0 billiún bliain d’aois.

Le tamall anuas tá tonnta raidió ón spás amuigh ag teacht chugainn anseo sa domhan. Thagadh na tonnta seo ó réaltaí neodróin nó a leithéid nach féidir leo ach tonn raidió amháin a sheoladh. Ach le blianta beaga anuas tá tonnta raidió rithimeacha ag teacht chugainn le cuisle 5 nóiméad gach 22 nóiméad. Léiríonn taighde gurbh fhéidir na tonnta a bheith ag teacht ó áit ar bith laistigh de gha 15,000 bliain solais amach uainn.

De bharr nach bhfuil an trealamh ann chun anailís a dhéanamh ar na tonnta seo, agus pé teachtaireacht atá iontu a dhíchódú nó a fhreagairt tá roinnt den tuairim go mb'fhéidir go bhfuil daoine ag maireachtáil ar domhan a dó nó Kepler 452b, agus gur dream iad a bhfuil fearas teicneolaíochta níos forbartha acu ná mar atá ag an duine daonna.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Jason F. Rowe (23 Iúil 2015). "Discovery and validation of Kepler-452b: a 1.6 r_{oplus}_ super earth exoplanet in the habitable zone of a G2 star" (as Béarla) (2): 56. doi:10.1088/0004-6256/150/2/56. 
  2. Ráite i: Extrasolar Planets Encyclopaedia. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla.
  3. Jason F. Rowe (23 Iúil 2015). "Discovery and validation of Kepler-452b: a 1.6 r_{oplus}_ super earth exoplanet in the habitable zone of a G2 star" (as Béarla) (2): 56. doi:10.1088/0004-6256/150/2/56. 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Ráite i: Gaia Data Release 2. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla. Dáta foilsithe: 25 Aibreán 2018.