Jörg Haider
Polaiteoir Ostarach agus pobalóir i bhfad amach ar an eite dheis ab ea Jörg Haider (26 Eanáir 1950 - 11 Deireadh Fómhair 2008). Ba ghobharnóir chúige Kärnten agus ceannaire An Chomhghuaillíocht ar son Todhchaí na hOstaire (BZÖ - Bündnis Zukunft Österreich) é nuair a fuair sé bás i dtimpiste bóthair (agus é ag tiomáint faoi thionchar alcóil).[1]
Saol
cuir in eagar![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d6/J%C3%B6rg_Haider_28082008.jpg/220px-J%C3%B6rg_Haider_28082008.jpg)
Ba cheannaire é Haider ar Pháirtí Saoirse na hOstaire (FPÖ - Freiheitliche Partei Österreichs), páirtí eile i bhfad amach ar an eite dheis. D'éirigh sé as mar chathaoirleach ar an FPÖ sa bhliain 2000 ach ba eisean an duine is mó le rá sa pháirtí i gcónaí.
Cuireadh Haider amach as an FPÖ sa bhliain 2005, tar éis dó an BZÖ a bhunú.
Fuair an BZÖ 11% de na vótaí in olltoghcháin na Ostaire, 2008, agus fuair an FPÖ 18%.
Ba dhuine conspóideach é Haider i gcónaí, go háirithe mar mhol sé polasaithe a bhí i bhfad amach ar an eite dheis.
Fuair Haider bás i dtimpiste bóthair, ag tiomáint ar róluas, ina aonar, ach caochta leis an ól.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Thousands mourn Austria's Haider" (as en) (2008-10-18).