Ciaróg choirte

Ciaróg bheag dhorcha is ea an chiaróg choirte (fofhine na Scolytinae),[1] a dtochlaíonn na tuismitheoirí a seomra uibheacha faoi choirt an chrainn. Tochlaíonn na larbhaí méithe gan chosa tolláin amach as an seomra tar éis gorta.[2] Tá cíneálacha go leor ann, mar shampla, ciaróg choirte an leamháin, ciaróg choirte na darach, srl.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCiaróg choirte
Scolytinae Cuir in eagar ar Wikidata

Dendroctonus micans Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdColeoptera
FineCurculionidae
FofhineScolytinae Cuir in eagar ar Wikidata
Latreille, 1804
Dendroctonus ponderosae
Coill sciostra ag dendroctonus ponderosae

Is léir an díobháil ón gciaróg ón gcoigríoch ar chuid de na crainnte san Eoraip. Iompraíonn gnéithe ar leith galair fhungasacha crann, mar shampla galar Dúitseach leamhán.

In Éirinn tá eagla ann go ndéanfadh an chiaróg choirte an sprúis (ips typographus) dochar do chrainnte sprúis go háirithe.[3] Go luath sa 21ú haois, bhí léirscrios déanta ag na feithidí ar limistéir foraoise ar fud na hEorpa.[4]

I mí na Nollag 2023 thug an Roinn Talmhaíochta le fios go raibh mianach amháin ciaróg neamhdhúchasach ar a laghad i ndeisceart Chontae an Chláir, an chiaróg phéine Monterey.[5][6] Ní fios cé chaoi a dtáinig an chiaróg seo, speiceas coimhthíoch ionrach b'fhéidir, an bealach uilig as Meicsiceo.

Sa bhliain 2024, bhí faitíos ollmhór in Éirinn ar lucht na gcrann roimh alpadh na ciaróige coirte.[7] Bhí moltaí curtha chun na Roinne Talmhaíochta go mb'fhéidir gur cheart an choirt a scríobadh de na crainnte atá á n-ealmhuiriú do thionscal an adhmaid, ar mhaithe le cothú agus gnáthóg a shéanadh ar aon chiaróg a thagann anall. Bhí srian curtha i bhfeidhm ag an Roinn, gan aon chrann a leagan ná a ghearradh i limistéir 10km² i ndeisceart an Chláir, gan fógra a bheith curtha agus cead a bheith faighte ón Roinn. Le Coillte an chuid is mó de na crainnte atá curtha i bhforaoisí sa gcontae ach tá riar acu freisin faoi úinéireacht phríobháideach.[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Bark beetle" i mBéarla
  2. Hussey, Matt (2011). "Ciaróg choirte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 133.
  3. "European spruce bark beetle" (as en) (2023-12-03). Wiki How. 
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2024-05-07). "Imní ar lucht foraoise i gCo an Chláir faoi chiaróg aduain" (as ga). 
  5. "Monterey pine engraver" i mBéarla
  6. "Invasive pine bark beetle discovered in Co Clare" (en). www.farmersjournal.ie. Dáta rochtana: 2024-05-08.
  7. Joe Mag Raollaigh (2024-04-19). "Calls for log import suspension over beetle concerns" (as en).