Siluriformes

(Athsheolta ó Cat mara)

Cuimsíonn na héisc den ord Siluriformes, ar a dtugtar cait mhara, 33 fhine, thart ar 400 ghéineas agus níos mó ná 3093 speiceas, 1200 díobh ina gcónaí i Meiriceá. Is éisc mhara iad, den chuid is mó, dhá fhine: na Ariidae agus na Plotosidae. Maireann an chuid eile i bhfionnuisce. Is scroblachóirí oíche iad an chuid is mó de na Siliuriformes agus cónaíonn siad gar don ghrinneall, in uiscí éadomhain.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSiluriformes Cuir in eagar ar Wikidata

Pseudoplatystoma corruscans Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtBilateria
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdSiluriformes Cuir in eagar ar Wikidata
Cuvier, 1817
Ainmníocht
Ainmnithe in ómóswhiskers (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Moirfeolaíocht cuir in eagar

Is ó na braiteoga nó na barbail a shíneann ar gach taobh den ghiall uachtarach (agus, i roinnt speiceas, den ghiall íochtarach), atá cosúil le féasóga na gcat, an t-ainm "cat mara".Is minic a bhíonn spíonta bioracha ar na heití droma agus bhrollaigh, agus is minic a bhíonn siad nimhiúil. Úsáidtear iad mar chosaint agus d'fhéadfadh siad bheith ina gcúis le gortuithe tromchúiseacha. Tá roinnt ball de na finte i Meiriceá clúdaithe le plátaí cnámh leabaithe faoin gcraiceann mín. Tá dhá phéire barbal ag na cait seo, cuid acu an-fhada agus cuid eile an-ghearr; tá a chuid fiacla beag agus iomadúil.

Tugadh isteach an cat mara is coitianta san Eoraip ó Mheiriceá, agus is i lár na hEorpa den chuid is mó a tháinig sé chun cinn.