Bróimíd airgid

Comhdhúil cheimiceach

Salann bog, buíbhán, uisce-dothuaslagtha is ea bróimíd airgid (AgBr) a bhfuil cáil uirthi (maille le hailídí airgid eile) as a híogaireacht neamhghnách i leith an tsolais. Lig an t-airí seo do na hailídí airgid bheith ina mbunús do bhunábhair ghrianghrafadóireachta nua-aimseartha.[1]

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachBróimíd airgid

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach185.823 Da
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachAgBr
SMILES canónta
Model 2D
Br[Ag]
InChIModel 3D
Airí
Pointe leáite432 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe1,502 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata

Baintear úsáid as AgBr go forleathan i scannáin ghrianghrafadóireachta. Faightear an salann go nádúrtha mar an mhianra brómairgirít (brómairít)

Imoibrithe cuir in eagar

Imoibríonn bróimíd airgid go héasca le leacht amóinia chun coimpléasca éagsiúl d'áimín a ghiniúint :[2]

AgBr + nNH3 →Ag(NH3)21+

{AgBr(NH3)2}
{AgBr2(NH3)2}1−
{AgBr(NH3)}
{AgBr2(NH3)}1−

Imoibríonn bróimíd airgid le trífheinilfoisfín chun tris(trífheinilfoisfín) a tháirgeadh:[3]

Airíonna fisiceacha cuir in eagar

Struchtúr criostail cuir in eagar

Tá struchtúr laitíse aghaidhlárnach ciúbach (alc) cloch shalainn (NaCl) ag AgF, AgCl, agus AgBr, leis an méid seo a leanas paraiméadair laitíse :[4]

Airíonna hailíde airigid laitíse
Comhdhúil CriostailStruchtúrLaitís, a /Å
AgFalccloch shalainn, NaCl4.936
AgCl, Clórairgirítalccloch shalainn, NaCl5.5491
AgBr,

Brómairgirít 

alccloch shalainn, NaCl5.7745
Aonad struchtúir cille
aghaidhlárnach ciúbachstruchtúr an chlochshalainn

Tagairtí cuir in eagar