Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2024
Reáchtálfar Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2024 sa Ríocht Aontaithe ar an 4 Iúil 2024.
Cúlra
cuir in eagarTháinig fógra an olltoghcháin ó Phríomh-Aire na Breataine Rishi Sunak aniar aduaidh ar bheagnach gach aon duine. Bhíothas ag meas go ndéanfadh Rishi Sunak toghchán a ghairm do mhí na Samhna. Go deimhin, 1945 an uair dheireanach a bhí olltoghchán na Breataine ann i lár an tsamhraidh.
I ráiteas a thug sé lasmuigh d’Uimhir 10ga ar an 23 Bealtaine 2024, dúirt Sunak go raibh sé “bródúil” as an méid a bhí bainte amach ag a rialtas.[1]
Tuaisceart Éireann
cuir in eagar18 suíochán atá le líonadh sa Tuaisceart do Pharlaimint Westminster. Sa toghchán deireanach in 2019, fuair an PAD 8 suíochán, Sinn Féin 7 gcinn, an PSDLO dhá shuíochán agus ceann amháin a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta. Bhí Sir Jeffrey Donaldson, iar-cheannaire PAD, cúisithe i gcionta gnéasacha atá bainteach "leis an am a chuaigh thart". Ar an 3 Iúil, lá roimh an olltoghchán, déanfar cinneadh cúirte faoi an gcuirfear Donaldson agus a bhean chéile Eleanor ar a dtriail maidir leis na cúiseanna ina leith.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Olltoghchán fógartha ag Sunak don 4 Iúil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-22). Dáta rochtana: 2024-05-23.
- ↑ Nuacht RTÉ / Áine Ní Ghallchóir (2024-05-23). "Olltoghchán na Breataine: fógra gan choinne" (as ga-IE).