Córas comhordanáideach sféarúil

Sa mhatamaitic, is éard is córas comhordanáideach sféarúil ann ná córas comhordanáideach le haghaidh spáis thríthoisigh, áit ina mbíonn suíomh na rinne sonraithe ag trí uimhir: achar gathach na rinne ó bhunphointe seasta, a uillinn pholach tomhaiste ó threo fhorair sheasta, agus asamat de chuid a theilgin ortagánaigh, ar phlána tagartha a théann tríd an mbunphointe agus atá ortagánach leis an bhforar, tomhaiste ó threo seasta tagartha ar an bplána sin. Is féidir é a thuiscint mar an leagan tríthoiseach den chóras comhordanáideach pholach

Comhordanáidí sféarúla (r, θ, φ) mar a úsáidtear go coitianta san fhisic (coinbhinsiún EIC): achar gathach r, uillinn pholach θ (téite), agus an t-asamat φ (). Is minic go n-úsáidtear an tsiombail ρ () in ionad r.
Comhordanáidí sféarúla (r, θ, φ) go minic mar a úsáidtear iad sa mhatamaitic: achar gathach r, an t-asamat θ, agus an uillinn pholach φ. Malartaíodh bríonna θ agus φ i gcomparáid le coinbhinsiún na fisice.

Tagairtí cuir in eagar