Guth
Sa duine, tagann anáil ó na scamhóga, agus baineann an anáil seo athshondas as na téada gutha chun fuaim a dhéanamh. Is féidir an teannas sna téada a athrú ó am go chéile, agus athraíonn sé sin minicíocht na fuaime a ghintear.
Feidhmíonn an píobán garbh, an teanga, an béal, is an tsrón mar a bheadh feadáin athshondacha iontu chun an bhunfhuaim a athrú ar shlite éagsúla agus fuaim dheireanach iomlán an ghlóir a thabhairt amach.
Modhnaítear déine an ghlóir trí mhéid na hanála ó na scamhóga a mhodhnú. Trí stiúradh na dtéad is na teanga sa bhéal, déantar na minicíochtaí sa ghuth a chinntiú.[1]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Guth". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 337.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontSouth Park: Bigger, Longer & UncutAn tAontas SóivéadachSpeisialta:SearchVicipéid:Lárionad comhphobailSpeisialta:RecentChangesStáit Aontaithe MheiriceáVicipéid:CabhairAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:Cúrsaí reathaVicipéid:Séanadh ginearáltaLiosta daoine as an mBreatain BheagÍomhá:2023-11-16 Gala de los Latin Grammy, 03.jpgGluaiseacht (úrscéal)Special:SearchVicíContaetha na hÉireannVicipéid:RéamhráAn Chartaig ÁrsaAn VicipéidAn AstráilVicipéid:Halla baileÉanlaith uisceSiondróm duine strompthaAn Ghaeilge633GaeilgeSéamus Barra Ó SúilleabháinLogánúPádraig Mac SuibhneSeanad Stáit Aontaithe MheiriceáJavaPlé:PríomhleathanachPornhubÚsáideoir:MALA2009/Síscéal (Béarla)Córas oibriúcháinBRICSC++