Ba é a bhí i gceist le Ciúbachas ná gluaiseacht phéintéireachta de chuid na Fraince a thosaigh go gairid tar éis bhás Paul Cézanne i 1906 agus ar a raibh buaicphointe idir na blianta 19061914. Ba thúsphointe ag an gCiúbachas moladh Cézanne do pheintéir óg féachaint ar an dúlra i dtéarmaí sféar, cón agus sorcóirí.

La Ville uimh. 2, de chuid Robert Delaunay, ola ar chanbhás, Musée National d'Art Moderne, Centre Georges Pompidou, Páras

Tá tionchar Cézanne le feiceáil ar dtús ar shaothar Pablo Picasso (1881-1973) agus Georges Braque (18821963) a d'oibrigh le chéile chun an córas nua a bhunú. Tá an tionchar céanna le feiceáil freisin níos deireanaí ar ealaíontóirí eile ar nós Delaunay, Villon agus Gris a bhí ar imeall na gluaiseachta.

Tháinig an spéis i gcuma athraíoch dromchlaí ón Impriseanachas ach go bunúsach ba mhó riamh a bhí an Ciúbachas ina ghluaiseacht intleachtúil ná an Impriseanachas. Shíl go leor ealaíontóirí go raibh an Ciúbachas i dtiúin leis an eolaíocht agus leis an innealtóireacht agus gur ann a bhí an t-aon stíl chun timpeallacht na nua-aoise a chur i bpictiúir.

Tagairtí cuir in eagar